Seanchas a athar móir: d’imigh a athair mór Tom Ó Canainn i gcuideachta scaife fear as Cloich Cheann Fhaola go Klondike ag baint óir. Bhí Micí Mac Gabhann ina chol ceathrar ag Tom agus bhí seisean leis. Chaith Tom dhá bhliain déag ansin. Nuair a phill siad na bhaile cheannaigh sé féin agus Micí Mac Gabhann feirm talaimh ón Tiarna Johnston agus scoilt siad suas é. Choinnigh Tom os cionn an bhealaigh agus choinnigh Micí faoin bhealach, an áit atá “Cnámh na Péiste”. Fuair athair mór Dhónaill, Tom bás óg le tinneas ag 44 bliain d’aois. B’ as Baile an Teampaill a mháthair. | 00:04:46 | |